Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;
Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad.
Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.
Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”