Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán.
In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.
stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.
Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.
chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.