1 Ríthe 3:7An Bíobla Naofa 1981Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Dáiví: “Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.” Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó.