Nuair a d'éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b'shin é ansiúd marbh é. Ach d'fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.”
Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.
Ach labhair an bhean eile: “Éitheach,” ar sise, “liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.” “Ní mar sin atá,” arsa an chéad bhean, “leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.” Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí.
Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.