1 Ríthe 3:15An Bíobla Naofa 1981Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir. Féach an chaibidil |
An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.