Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 22:49

An Bíobla Naofa 1981

rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.

Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus

Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: “Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,” ach ní aontódh Iahóiseáfát.

Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm.

Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.

Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.

Ina dhiaidh sin rinne Iahóiseáfát rí Iúdá conradh le hAchaizíá rí Iosrael, a chuir ar bhóthar a aimhleasa é.

mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh loingeas Thairsís.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí