Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 22:46

An Bíobla Naofa 1981

An chuid eile de stair Iahóiseáfát, an gaisce a rinne sé, na cogaí a throid sé, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus ghlaodar ar Lót á rá: “Cá bhfuil na fir a tháinig chugat anocht? Seol amach chugainn iad chun go mbainfimis sásamh astu.”

Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Dhíbir sé ón tír na striapacha naofa fir agus scuab sé chun siúil na híola go léir a rinne a shinsir.

An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh

Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael.

do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.

Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí