Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 22:42

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.

agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim.

Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Mácá, iníon Aibseálóm, ab ainm dá mháthair.

Tháinig Iahóiseáfát mac Ásá i gcoróin ar Iúdá sa cheathrú bliain de réimeas Acháb rí Iosrael.

Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.

Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.

Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin.

Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí