An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.
Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadh le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.