Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 22:36

An Bíobla Naofa 1981

Le fuineadh néil nóna ghabh an gháir tríd an slua: “Gach fear chun a chathrach féin; gach fear chun a dhúiche féin;

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d'óige go dtí seo.”

Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.

Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)

Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.

[tá an rí marbh]!” Chuadar chun na Samáire agus rinneadar an rí a adhlacadh sa tSamáir.

Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.

D'imigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; d'fhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin.

Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí