Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,
Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.
Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.
Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas