1 Ríthe 22:22An Bíobla Naofa 1981‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’ Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.