Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.
Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.
Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach.