“Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n‑athar.”
“Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”
Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n‑éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh”.
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin!
Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom.
I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d'íobairt uileloiscthe nó d'abhlanna, nó d'íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!”
Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.