1 Ríthe 21:20An Bíobla Naofa 1981Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh. Féach an chaibidil |
Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,