D'fhill na teachtairí agus dúradar: “Mar seo a deir Bein Hadad: ‘Seo é an t‑ordú a chuir mé chugat: “Tabhair dom do chuid airgid agus óir, do mhná agus do leanaí.”
Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”
Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.
ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.