D'imigh an fáidh leis agus fuair duine eile agus dúirt leis: “Buail mé,” agus bhuail an fear é agus ghoin agus chréacht é.
Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: “Buail mé!” ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh.
Dúirt sé leis ansin: “De bhrí nár ghéill tú d'ordú an Tiarna, a luaithe a fhágfaidh tú mé maróidh leon thú.” A luaithe a d'imigh sé uaidh, bhuail leon leis agus mharaigh sé é.
D'imigh an fáidh ansin agus sheas ar an mbóthar ag feitheamh leis an rí, é i mbréagriocht agus cafairrín ar a shúile.
Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.