Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 20:33

An Bíobla Naofa 1981

Bhí na daoine ag tnúth le tuar agus thógadar suas go tapa uaidh é agus dúradar: “Sea, bráthair duit Bein Hadad.” Dúirt Acháb: “Imígí agus tugaigí anseo é.” Ansin tháinig Bein Hadad amach chuige agus chuir Acháb faoi deara dó teacht aníos isteach ina charbad.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:

Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: “Deir do shearbhónta Bein Hadad: ‘Déan anacal anama orm.’ ” “An beo dó fós más ea?” ar sé, “is é mo bhráthair é.”

Dúirt Bein Hadad: “Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m'athairse ó d'athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m'athair sa tSamáir.” Dúirt Acháb: “Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,” agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é.

D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

“Conas a thuigfinn,” d'fhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus d'iarr ar Philib suí in airde leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí