Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 20:24

An Bíobla Naofa 1981

Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n‑áit;

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.

Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.

Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: “Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu.

agus cruinnigh arm mar é siúd a chaill tú lena chomhlíon d'eachra agus de charbaid. Ansin troidfimid ina gcoinne sna hísleáin agus buafaimid orthu go cinnte.” Thug sé cluas dóibh agus rinne de réir a gcomhairle.

Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí