Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: “Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.”
Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.
Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.
Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n‑ár agus a n‑eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael.
Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.
Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.