Rinneadar ruathar ón gcathair amach dá bhrí sin, óglaigh uachtaráin na gcúigí agus an t‑arm ina ndiaidh,
Ghabh óglaigh uachtaráin na gcúigí amach ar dtús. Chuir Bein Hadad [lucht braite] amach agus thugadar scéala dó: “Tá fir tagtha amach ón tSamáir.”
Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”
agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.
Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh.