Ansin thionóil sé óglaigh uachtaráin na gcúigí - bhí dhá chéad tríocha a dó díobh ann. Ina ndiaidhsean thionóil sé muintir Iosrael go léir, seacht míle díobh.
“Cén cuidiú a bheidh agam?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair an fáidh: “Cuidiú óglaigh uachtaráin na gcúigí, a deir an Tiarna.” “Cé atá le tús a chur leis an gcath?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair sé: “Tusa féin.”
Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.
Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.”
Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”