Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 20:11

An Bíobla Naofa 1981

Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.

Táid i ngar dá chéile, I dtreo nach dtéann aer eatarthu.

Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.

Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

Tabhair an t‑ainm seo ar Fhorann: Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!

Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!

Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt.

Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí