Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.
Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean.
Sheol Solamh rí Banáiá mac Iahóideá á threascairt, agus fuair sé bás.
Ghabh Banáiá mac Iahóideá suas ansin, threascair Ióáb agus chuir chun báis é; adhlacadh é ina theach féin san fhásach.
Ach go raibh beannacht ar Sholamh rí, agus go raibh ríchathaoir Dháiví daingean os comhair an Tiarna go brách.”
Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach.
Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.
Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é.