Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 2:43

An Bíobla Naofa 1981

Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.

Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: “Nár chuir mé d'iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: ‘An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó’? Agus dúirt tú liom: ‘Tá go maith. Géillim duit.’

Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.

Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.

Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.

Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí