1 Ríthe 2:41An Bíobla Naofa 1981Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais. Féach an chaibidil |
Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: “Nár chuir mé d'iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: ‘An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó’? Agus dúirt tú liom: ‘Tá go maith. Géillim duit.’