Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. “Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,” ar sé leis, “agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin.
Ach dúirt an rí: “Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!” Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí.
Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: “Gabh abhaile.”