Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.
Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo.
D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.
Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.