“Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.
Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.
Agus dúradar leis: “Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.” Dúirt sé leo: “Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.”