Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”
D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”
Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.
Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.
“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
Deonaigh mar sin teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfeadh sé go deo i do láthair. Óir gach ar a gcuireann tú do bheannacht, bíonn beannacht air go deo.”
Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”
Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.