Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”
Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’
ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.
“Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.”
Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”
an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh mé do naimhde go léir a chloí; [déanfaidh mé mór thú]; déanfaidh an Tiarna teaghlach díot.
Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint.
Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.
Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.