Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.”
Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.
Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!
Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!
Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”
Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.
“Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.