Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.”
Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’
cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”
Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”
Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.