D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.
Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.
ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.
Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.