Agus leis sin d'éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil.
Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.
agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin.
D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”