Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 18:44

An Bíobla Naofa 1981

An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: “Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.” Dúirt Éilias: “Imigh suas agus abair le hAcháb: ‘Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“Gabh suas anois,” ar sé lena sheirbhíseach, “agus féach amach i dtreo na farraige.” Chuaigh sé suas agus d'fhéach sé. “Níl rud ar bith ann,” ar seisean. “Gabh ar ais seacht n‑uaire,” arsa Éilias.

Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit, Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.

Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)

Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”

Dúirt sé freisin leis na sluaite: “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn;

Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.

Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí