1 Ríthe 18:36An Bíobla Naofa 1981Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse. Féach an chaibidil |
“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.