Ansin dúirt sé: “Líonaigí ceithre phróca d'uisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.” Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: “Déanaigí an dara huair é,” agus rinne. Dúirt sé: “Déanaigí an tríú huair é,” agus rinne.
Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse.