Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
Ansin dúirt sé: “Líonaigí ceithre phróca d'uisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.” Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: “Déanaigí an dara huair é,” agus rinne. Dúirt sé: “Déanaigí an tríú huair é,” agus rinne.
dúirt Dia leis: “Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t‑anraith orthu.” Rinne sé amhlaidh.