Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”
Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.
Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”
Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,
A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.
Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”
Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.