Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 18:27

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.

Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo.

Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.”

Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan ar gharda Iosrael.

Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost, bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.

Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.

Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo, chun go bhfeice muid an déithe sibh. Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona, chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.

Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.

Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t‑am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí