1 Ríthe 18:26An Bíobla Naofa 1981Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu. Féach an chaibidil |
Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.