Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 18:24

An Bíobla Naofa 1981

Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” D'fhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna.

“Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.

Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi.

Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: “Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.”

Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t‑uisce sa díog.

Nuair a chonaic an pobal uile é sin, thiteadar ar a n‑aghaidh agus ghlaodar: “Is é an Tiarna is Dia ann; is é an Tiarna is Dia ann.”

“Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.

Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,

Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.

Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”

Dúirt Hiziciá le hÍseáia ansin: “Briathar sin an Tiarna agat, is dea-scéala é.” Óir ba é a bhí ina aigne: “Beidh síocháin agus slándáil ann le mo ré féin.”

Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.

Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.

Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí