1 Ríthe 18:21An Bíobla Naofa 1981Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”