1 Ríthe 18:12An Bíobla Naofa 1981A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige. Féach an chaibidil |
“Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b'fhéidir gurb amhlaidh a d'ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.”