1 Ríthe 17:9An Bíobla Naofa 1981“Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.” Féach an chaibidil |
Dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: ‘Tá sé seo le dul i do theannta,’ téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: ‘Níl sé siúd le dul i do theannta,’ ná téadh an té sin i do theannta.”