Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 17:14

An Bíobla Naofa 1981

Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.

D'imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d'ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.

Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”

agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’

Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ”

D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.

tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí