Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 16:6

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ansin d'éirigh bean Iarobám agus d'imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh.

Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.

Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.

Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'fhill ar Thirzeá.

Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael.

Ansin chuaigh Omraí chun suain lena shinsir agus cuireadh é sa tSamáir. Tháinig a mhac Acháb i gcomharbacht air.

Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí