Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 16:33

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.

Rinne Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.

Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”

Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”

Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.

Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)

Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.

Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.

ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,

Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

Ní foláir daoibh a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, agus a gcuaillí naofa a ghearradh anuas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí