Thóg sé altóir do Bhál i dteampall Bhál a thóg sé dó sa tSamáir.
“Ní mise sciúirse Iosrael, ní mise sin, ach thusa agus teaghlach d'athar, mar thréig sibh (aitheanta) an Tiarna agus lean sibh na Bálaím.
Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.
Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí.